Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0189
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo Cheantar Féin

    Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chónaí i dTurloch Bréige.

    Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chomhnuidhe i dTulach Bréige. Níl acht aon choill amháin ins an gceanntar seo. Níl aon loch ins an gceanntar seo. Níl acht aon abhainn amháin ins an gceanntar seo agus sé an t-ainm atá uirthi ná an Clár. Tá naoi gcinn de thighthibh ins an gceanntar seo. Tá ceithre cinn aca agus is tighthe ceann tuighe iad agus is tighthe ceann slinne na cúig cinn eil. Níl sé i bhfad ó cuireadh na tighthe ceann slinne suas. Is tighthe dá stóir ceithre cinn de na tithibh ceann slinne, acht níl acht aon stór amháin sa cheann eile. Is feilméaraí na daoine atá ina gcomhnuidhe ann acht aon duine amháin agus is gréasuidhe é sin. Tá go leor sean-amhrán agus sean-sgéalta aca freisin. Ní raibh mo athair ina chomhnuidhe ins an gceanntar seo i gcomhbuidhe.Tá sé ina comhnuidhe ann le dhá scór bliadhan. Bhí an teach tógtha ann roimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Maoilsheachlann Ó Nuadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe
  2. Tá mé in mo comhnuidhe i gCathair Gamhann. Tá dá cheann déag de thighthibh ann. Tá trí ann de thighthibh ceann rlnne ann. Bhí ragapt ma comhnuidhe ann atá trí reóin bliadhan ó rhoin. Tá lorg a tighe ann fór agus tá rgeach ag fás i mbéal an dorais. Bhí teach mór ann ag na Blácaighibh agus tá na sean-bhallaí ann fós. Bhí dúthaigh talmhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.