Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0198
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá m'athair i n-ann bróga a dheasughadh. Bíonn meannaithe, casúr, ceap, leathar, ruadhóg, pinnsiúr, ganndal agus tairgní aige. Ceannuightear na bróga ins na siopaí anois. Bíonn cuid de na bróga agus bionn buinn adhmad ortha. Tugtar "clags" ortha.
    Bhí fear ag dul thart lá amháin agus bhí péidhre bhróg nuadh aige agus d'fhiafruigh fear eil dhe céard a chosain na bróga agus dubhairt an fear leis fur cosain siad a chosain siad a chosa ó'n talamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tamall ó shoin nuair a bhíodh daoine ag dul go Gaillimh bhíodh a mbróga dá n-iomchur a ngualnibh aca nó go dtéighidís chomh fada leis an gcnocán sin Bos le h-éadan. Cuireadh siad ortha annsin iad agus caithidís i nGaillimh iad agus nuair a bhíodh siad ag teacht abhaile tráthnóna, bainidís díobh san áit chéadna iad agus shiubhailidís abhaile cos-nochtuighthe. Tá, ar a laighead, sean-bhean amháin atá timcheall trí scór a dhéanas fós é. Seo sgéal faoi dhuine aca: bhí fear an uair amháin agus chuaidh sé go Gaillimh le péidhre bróg nuadh a cheannacht. Cheannuigh sé péidhre maith bróg. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhain sé na bróga dhe mar go raibh faitchíos air go gcuirfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghán Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe