Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0159
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a thagas duine isteach i dteach deireann sé "Go mbeannuighe Dia agus Muire agus Naoimh na h-Éireann isteach san teach seo".
    Nuair a fheiceas na daoine an féar bainte deireann siad "Go mbéaraidh Dia beo sinn ar an am seo arís".
    Nuai a cailltear duine deirtear gur ceart "go ndéanaidh Dia tróchaire ar a anam" a rádh.
    Nuair a bhíos duine ag imtheact ó theach duine eile deireann muinntir an tighe leis "go dtugaidh Dia slán abhaile thú".
    Nuair a bheadh duine ag obair agus duine eile ag dul an bealach deirfeadh sé leis "go mbeanuighidh Dia thú is do chuid oibre"
    Nuair a bheadh duine ag dul thar dhuine nach mbeadh ag labhairt leis bheadh sé ag rádh "Coirreagan Dé idir mé féin agus mo namhaid" Nuair a thuiteann duine ar an dtalamh déanann siad comhartha na Croise ar an áit agus ní éireóchaidh aon dochar do'n duine.
    Nuair a bhíodh na sean-daoine ag dul ar an aonach fadó bhíodh siad ag rádh "Go gcumhduigh Dia sinn agus go gcuiridh Sé luach ár gcuid cneastachta chugainn"
    Nuair a bhíodh siad ag cur na bhfataí bhíodh siad ag rádh "Go ráthaidh Dia ár gcuid dúinn".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge