School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí fear ann darbh ainm an Gobán Saor ann agus ní raibh age acht aon mhac amháin. Lá amháin chuir an Gobán Saor a mhac ar an margadh le craiceann caorach agus dubhairt sé leis é a dhíol agus an craiceann is an luach a fhághailt air. Shiubhail sé an margadh in aghaidh a chéile agus ní bhfuair sé aon duine a thiubhradh dó é. D'imthigh leis abhaile arís agus casadh bhean óg air in- aice le tobar. D'fhiafruigh sí dhe an raibh sé ar an margadh agus dubhairt sé go raibh agus go mba bheag mhaith dó é. "Tuige" ar sise. "Bhí mé ag iarraidh craiceann is a luach d'fhagháilt acht ní fhacas aon duine a thiubhradh dom é. "Tabhair domsa é" ar sise. Leag sí fuithe é agus tharraing sí an olann de'n chraiceann. Thug sí luach na h-olna dó agus an craiceann ar ais. Nuair a tháinig sé abhaile d'fhiafraigh an t-athair dhe cé cheannaigh an lomradh uaidh agus dubhairt sé gur cailín óg as an mbaile a cheannuigh uaidh é. Dubhairt an t-athair leis fios a chur uirthe gur theastuigh uaidh í d'fheiceáil. Tháinig sí an lá ina dhiaidh sin agus theasbáin sé cárnán óir dí agus dubhairt sé "cé'n mheas atá agat ar sin" Dubhairt sí gur fada a mhairfeadh an méid sin acht a choingbheál ann. "Tá go maith" aderi an Gobán. D'fhiafruigh sé de'n mhac an bpósfadh sé í, agus dubhairt sé go bpósfadh.(continues on next page)
- Informant
- Padraig Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe