Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0257

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0257

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0257
  3. XML “Scéal faoin gCailleach Bhéarra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé go h-an-mhaith ag baint fhéir. Ba san gCo. Mhuigheó a bhí sé i n-a chomhnuidhe agus bhí sé féin agus an Chailleach Bhéarra ag dul ag baint fhéir lá amháin go bhfeiceadh siad cé aca do b'fearr dhá bhaint. Bhí a fhios ag an bhfear go maith go mbuaidhfeadh sí air agus an oidhche roimhe sin rinne sé amach cé'n bháigh a bheadh le baint aice agus fuair sé go leor ding iarainn agus chuir sé roimpe san bhféar iad san áit a raibh sé le baint.
    Bhí sean-fhear ar an mbaile a dubhairt leis é sin a dhéanamh agus dubhairt sé leis freisin nuair a gheobhadh sé boladh an alluis tráthnóna uirthe dubhairt sé leis rith go mear má bhí an t-ádh air.
    Speala do bhí ag baint aca agus nuair a fuair sé boladh an alluis uirthe tráthnóna rith sé agus marach comh mear agus léim sé thar an gclaidhe bheadh an ceann bainte ag an gCailleach Bhéarra dhe leis an speil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
          1. Cailleach Bhéarra (~28)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe