Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0152

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0152

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0152
  3. XML “Scéal faoi Fhathaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dhá fathach ann fadó agus bhí siad i-na gcomhnuidhe ar bhar cnuic mhóir. Bhíodh siad ag goid capall agus caorach agus beithidheach agus go leor rudaí eile. Bhíodh an Rí agus a chuid fear ag troid leis na fathaighibh acht do mhairbhuigheadh na fathaigh na fir. Dubhairt an Rí annsin, an duine a bheadh indon na fathaigh a mharbhughadh go tiubhradh sé leath-chéad acra talmhan dó.
    Bhí sean-bhean i n-a comhnuidhe faoi bhun an chnuic sin. Bhí fear ins an teach céadna agus ní raibh aige acht beach agus luch. Oidhche amháin chuaidh an fear agus an bheach agus an luch amach. Nuair a bhí siad chomh fada le teach na bhfathach thosuigh an luch ag ithe an dorais go raibh poll mór déanta aice agus chuaidh an fear agus an beach agus an luch isteach. Do shuidh an fear ar chathaoir mhóir a bhí ann. Chuaidh an beach agus an luch isteach san seomra i n-a raibh na fathaigh i n-a gcodladh. Siad na h-ainmneacha a bhí ar na fathaighibh ná Grug agus Glug. Thosuigh an bheach ag gortughadh Gruig. "Stop" adeir Grug le Glug, "nó bainfidh mé an ceann díot". Thosaigh an luch ag gortughadh Glug agus shíl sé gur b'é Grug a bhí dá dhéadnamh. Thosuigh siad ag troid ag troid agus bhain siad an ceann dá chéile agus bhí an bheirt aca marbh annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0210: Cock, Hen, Duck, Pin, and Needle on a Journey
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Goill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe