Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine Cáileamhla
Bhíodh go leor daoine cáileamhla thart anseo fadó. Bhíodh na fir an-láidir an uair sin. Bhíodh siad go maith ag rith agus ag léimneach agus ag baint fhéir agus ag romhar.
Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-láidir agus theastuigh uaidh capall a thabhairt transna na haibhne agus ní thiocfhadh sé treasna dó.
Bhí an fear an-láidir agus rug sé ar ruball an chapaill agus tharraing sé treasna na h-aibhne é agus suas an mbruach ar an taobh eile é.
Bhí fear eile an fadó agus bhí ocras mór air lá. Bhí sé an-mhear agus ní dheachaidh sé i bhfad gur éirigh girrfiadh roimhe agus gur lean an fear é acht ní i bhfad roimhe a chuaidh sé uaidh nó go rug sé air.
Rinne sé teine agus do róstuigh sé an girrfiadh agus d'ith sé é. Annsin thug na daoine mar leas -ainm air "An Girrfiadh" mar bhí sé go h-an-mhear.
Bhíodh sé ag gnóchtáil pástaí ar bhruachaibh locha Coirib. Bhí fear eile ann agus bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe