Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0255
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgolbaibh. Dhéanadh siad an sciathóg as sailleóig agus dhéanaidís cruinn í agus sí an úsáid a dheanaidís dí ná le fataí a chaitheamh amach innte le na fataíbh d'ithe. Leagaidís an sciathóg fataí ar an bpota i lár an urláir agus bhéadh na daoine in-a suidhe thart timcheall uirthe. Bhí sean-fhocal ag cuid de na daoinibh ag rádh gur maith í an chongnamh go dtagaidh an sciathóg - sé sin gur maith an rud go leór conganta a bheith ag duine acht amháin i n-am béile. Dheanaidís na cléibh nó na ciseáin mhóra leis an mhóin a chur amach leo nó le fataí a piocadh isteach ionnta.
- Bhí céird mhaith i gCathair Ghabhainn fadó. Bhí seacht gcinn de sheoltaigh ag obair ann. Seo iad cuid de na daoinibh go mba leo iad - Bhí ceann ag Seaghán Ó Cogabháin (Beannacht Dé le n-a anam) agus bhí péidhre aca i dtigh Sheagháin Uí Mhóráin. Bhíodh daoine ag teacht as Mionloch agus as chuile áit thart le flainnín a dhéanamh dóibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peadar Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann