School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0255
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgolbaibh. Dhéanadh siad an sciathóg as sailleóig agus dhéanaidís cruinn í agus sí an úsáid a dheanaidís dí ná le fataí a chaitheamh amach innte le na fataíbh d'ithe. Leagaidís an sciathóg fataí ar an bpota i lár an urláir agus bhéadh na daoine in-a suidhe thart timcheall uirthe. Bhí sean-fhocal ag cuid de na daoinibh ag rádh gur maith í an chongnamh go dtagaidh an sciathóg - sé sin gur maith an rud go leór conganta a bheith ag duine acht amháin i n-am béile. Dheanaidís na cléibh nó na ciseáin mhóra leis an mhóin a chur amach leo nó le fataí a piocadh isteach ionnta.
- Bhí céird mhaith i gCathair Ghabhainn fadó. Bhí seacht gcinn de sheoltaigh ag obair ann. Seo iad cuid de na daoinibh go mba leo iad - Bhí ceann ag Seaghán Ó Cogabháin (Beannacht Dé le n-a anam) agus bhí péidhre aca i dtigh Sheagháin Uí Mhóráin. Bhíodh daoine ag teacht as Mionloch agus as chuile áit thart le flainnín a dhéanamh dóibh.(continues on next page)
- Collector
- Peadar Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male