Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cluiche a bhíos ar siubhal idir beirt.
"Céard é sin atá dhá ithe agat"?
"Arán is cáise"
"Cá bhfuil mó chuid-sa"?
"D'ith an cat bán é
"Cá bhfuil an cat bán"?
"Faoin sop".
"Cá bhfuil an sop"?
"Do dhóígh an teine é."
"Cá bhfuil an teine"?
"Do mhúc an t-uisge é".
"Cá bhfuil an t-uisge"?
"D'ól an capall bán é"
"Cá bhfuil an capall bán"?
"Cuaidh sé chuig an gceardchain".
"Cá bhfuil an cheardcha"?
"D'éirigh sé in-airde."
"Mo chuid tubaiste le n-a sálaibh."Seo píosa cainnte a bhíós siad ag iarraidh ar dhaoinibh a rádh go mear: -
"Cat glas cam suballach ag dul trid an reilig agus cnap bog blonóige i n-a bhéal"Seo cluiche a bhíos ar siubhal ag na páistibh amuigh is féidir le buachaillibh agus le cailínibh bheith dá himirt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Micheál Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe