Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0235
- XML “An Chuinneog”
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcuinneóig do bhaineadh sí im dhe acht deirtear go mbíódh draoidheacht aice.
- Deireann na daoine gur ceart splannc teine a chur faoin gcuinneóig sul dá dtosuigheann siad ar an maistire ar fhaitchíos go ngoidfeadh na sidheóga an t-im.
Deireann na daoine nach ceart do dhuine splannc teine a thabhairt amach as teach nuair a bheadh an maistire dhá dhéanamh. Craithean cuid de na daoinibh salann ar an gcuinneóig sul a dtosuigheann siad ar an maistire. Casann mo mháthair an loithne timcheall ar an gcuinneóig an fhad is bheadh duine ag déanamh comhartha na Croise sul a dtosuigheann sí ar an maistire a dhéanamh.
Bhí fear ann uair amháin agus chuaidh sé isteach idteach le n-a phíopa a dheargadh agus bhí an maistire ghá dhéánamh agus thóg sé splannc as an teine agus d'imthigh sé amach agus chaith sé an splannc i linn uisge agus ar maidin nuair a chuaidh na daoine as an teach sin amach fuair siad an tim ins an linn-uisge san áit ar chaith an duine an splannc.- Bailitheoir
- Proinnsias Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe