School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0235
- XML “An Chuinneog”
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcuinneóig do bhaineadh sí im dhe acht deirtear go mbíódh draoidheacht aice.
- Deireann na daoine gur ceart splannc teine a chur faoin gcuinneóig sul dá dtosuigheann siad ar an maistire ar fhaitchíos go ngoidfeadh na sidheóga an t-im.
Deireann na daoine nach ceart do dhuine splannc teine a thabhairt amach as teach nuair a bheadh an maistire dhá dhéanamh. Craithean cuid de na daoinibh salann ar an gcuinneóig sul a dtosuigheann siad ar an maistire. Casann mo mháthair an loithne timcheall ar an gcuinneóig an fhad is bheadh duine ag déanamh comhartha na Croise sul a dtosuigheann sí ar an maistire a dhéanamh.
Bhí fear ann uair amháin agus chuaidh sé isteach idteach le n-a phíopa a dheargadh agus bhí an maistire ghá dhéánamh agus thóg sé splannc as an teine agus d'imthigh sé amach agus chaith sé an splannc i linn uisge agus ar maidin nuair a chuaidh na daoine as an teach sin amach fuair siad an tim ins an linn-uisge san áit ar chaith an duine an splannc.- Collector
- Proinnsias Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- Droim na Gaoithe, Co. Galway