Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-chárdanna.
" An dóigh a ndéantaoi coinnle fadó"
Leagtaoi im ar channa i dtús báire Bhainthidhe an croiceann de na feadhacga agus leaghtaoi an t-im agus na feadhacha i gcuideachta a chéile ar feadh trí lá go mbíodh an dá chuid siocaidhthe suas. Bhíodh coinnle mhór fhada deánta acú agus solus ortha comh maith leis ana coinnle atá ag gabháil anois.
" An cineál lampaí a bhíodh acú".
Ar dtús bhaineadh siad an spealt amach as an iasg agus leagadh siad ar channaí í. Annsin chuireadh siad aibhleóg dhearg anuas air, agus bheireadh sin cineál de sholus ghorm uaidh. B'fhéidir i gcuid de na toighthe nach mbéadh ionnta acht spéalt amhain éisg, agus nuair a bhíodh sí sin dóighthe acú chaitheadh siad a bheith ag tionntódh aibhleóg ar an teinidh. Chaitheadh na mná a gcuid fuaghala a dhéanamh ag an teinidh, agus gan mórán soluis uirthí acht oiread." An dóigh a ndeántaoi aol do dhóghadh".
I dtús báire, ghlantaidhe amach áithche an aoil agus ní bhíodh a dhath fágtha acht an clocha "clúinte". Annsin chaiththidhe cliabh nó beirt mónadh i mullach na gcloch, agus chaiththidhe isteach na clocha gorm nó na sligeáin indiaidh sin, agus cliabh túrtóg i mullach an aoil. Bhíodh an áithche ag dóighadh léithe rith na h-oidhche agus ní bhíodh an t-aol in-tógtha go cionn dhá lá nó trí Annsin thógtaoi isteach i málaí é agus chuirtí i dtaisge é." An dóigh a ndeántaoi rópaí de fhionnadh capall".
Fadó, ní leigthidhe aon ghráinin amháin de fionnadh na gcapall amugha. Bhíodh gach aon ghrainín go cúramach acú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall