Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 171
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaireas an sgéal seo fosta ó Seán Ó Gallchobhair.
    Lá amháin chuaidh fear amach a bhaint dornán fraoich. Nuair a bhí sé ag dul, thug sé leis a chapall agus a charra. Caidé rinne an capall acht bás a fhághail ar an bhealach. Bhain sé de a chroiceann agus chroch sé é ar chlaidhe a bhí os a chómhair. Idir an dá am tháinig drong iongantach cuileóg agus luigh siad ar an chroiceann. Tharraing sé amach a chlaidheam as a sgabairt agus thosaigh sé nó gur mharbh sé uilig iad,
    Ins an am cheudna seo bhí fear ag déanamh caisleáin thíos taobh na fairrge agus an méid a deánadh sé sa lá bhíodh sé leagtha san oidhche. Chulaidh an fear eile seo agus ar seisean
    Coinneóchaidh mise súil ar do caisleán duit.
    Maith go leór agus bhéarfaidh mise mála óir agus airgid duit ar son sin a dheánamh.
    An oidhche sin go díreach d'fhan sé 'na shuidhe agus i dtráthaibh an mheadhonn oidhce sheol long isteach béal an chuain. D'fhan sé go socair ar feadh tamaill go dtí gur thoisigh siad ag leagan an chaisleáin. Le sin steall sé na cloigneacha díobhtha le na chlaidheamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall