School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 242
  3. XML “Cuntas Eile fá Dhaoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'iarrfadh sí ortha é. Bean chonfadach a b'eadh Róise. Nuair a bhíodh na madaidh ag damhsa thógadh duine dá rabh amuigh fód mónadh agus bhuaileadh na madaidh. Théigheadh Róise ar an daoraidh agus leanfadh sí iad le bata draighin agus fóide mónadh. Acht ní rabh maith ann bhíodh siad ag san doras arais.
    Peadar Ó Briain, Ardaigh Bhig, Gort-an-Choirce, Tír -Chonaill
    Pádraig Ua h-Arlaí, Ardaigh Bhig, Gort-an-Choirce, Tír -Chonaill
    Cunntas eile fá dhaoine cáileamhla.
    Bhí ceoltóir iongantach maith i Machaire Rabhartaigh tá dhá fhichead bliadhain o shoin darbh ainm "Seán Ó Conoghlaigh" Théigheadh sé go h-Albain gach bliadhain agus ní rabh aon duine anonn ná anall ar bhád na h-Alban a bhuailfeadh amach é ag ceol. Bhí sé comh binn sin. Bhí a lán amhrán aige.
    Eoghan Ó Curráin an fear dob fhearr do bhí i Machaire -Rabhartaigh ag innse sgéaltach.Sean duine do bhí ann agus tá sé fiche bliadhain ó fuair sé bás. Bhí cuid mhór tarngaireachta aige fosta.
    Bhí eagla air i gcomhnuidhe roimh an chogadh agus bhí sé ag cainnt air fosta. Deireadh sé go mbéadh an maide mullaigh ar Éirinn, rása na muice duibhe agus na daoine uilig ar rothaí. An traen an -t-ainm atá ar an mhuic dhuibh. Bhí na rudaí sin uilig le bheith ann sul a dtiocfadh an cogadh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Géidigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Seán Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall