School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 255
  3. XML “Cluichí Eile”
  4. XML “Cluichí Eile”
  5. XML “Cluichí Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    corraighe, Crugaide Cragaide, Brian beo, brian marbh, Ag caitheamh an úird, Dallóg, Lúrapóg, larapóg Dalladh éánach, tart an bhróig agus mar sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. " Ag díol an ghé"
    Gheobhadh fear de na h-imireóirí cleite de'n ghé, fear eile ruball, fear eile gob agus an fear eile an goile. Deirfeadh duine aca annsin:- " Tá mo chleite féin fuar, tá mo ruball féin giortach, " Tá mo ghob-sa salach", agus deurfadh an duine eile " Tá mo ghoile féin ar shiubhal leis." Caithfidh an mhuinntir eile na focla sin a rádh indiaidh an duine a deireas iad fá choinne gáiridhe a bhaint amach.
    " Na Trí Chupa"
    Cleas é seo a bhíos ar siubhal oidhche Shamhna. Fágthar trí chupan in-a suidhe ar an tábla; ceann acú lán de chré, ceann eile agus fáinne ann agus an tríomhadh ceann lán de uisge. Cuirtear dallóg ar an té a bhíos ag dul chun an tábla. Má chuireann sé a mhéar i gcupa an uisge rachfaidh sé sin trasna na fairrge; má chuireann sé a mhéar i gcupa na créfóige rachaidh sé san uaigh agus ma leagann sé a mhéar ar an fháinne pósfar é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. An cleas atá ag baint leis an Fhoghmhar.
    Bíonn lúthgháir mhór ar na páistí nuair a thigeann an fóghmar fá choinne a bheith ag deánamh " Foláchan na gcruach", Nuair a chuireann siad isteach a gcuid eallaigh (cruigh) cruinnighean sgaifte aca agus téigheann siad go dtí gárrach a mbíonn cuid mhór cruach ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Géidigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal