School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 172
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanchus i dtaobh na h-aimsire
    Nuair a bhíos dearglach le luighe na gréine ann sin comhartha an-mhaith ar an aimsir. Nuair a bhíonn dearglach ins an spéir thig triomlach, cruadhlach agus an ghaoth anoir acht ní thig boglach ar bith. An ghrian comh dearg le meadar fola sin aimsir mhaith. Má bhíonn an spéir dearg le luighe gréine tráthnóna samhraidh sin comhartha go mbéidh lá maith ann lá thar-na bhárach.
    Nuair a bhíos an tormán ar an fhairrge deich míle soir uainn sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. Nuair a thig splanncanna ins an spéir ó cheann Taobh Léithte go Corrán Binne bíonn cruadhalach air. Má fheiceann tú Poll a' Ghoill, sé sin, Gunna Mac Suibhne ag Corrán Binne ag scéardadh anáirde bí ag dreim le doininn.
    Nuair a bhíos spéir lomairt na caorach agus breacadh an scadáin agus an mhurlais ann sin comhartha mór boglaigh (scamaill bheaga cosamhail le lomairt caorach).
    Na cadhain: nuair a tchí duine iad ag gabháil na gcnoc sin comhartha doinninneacht nuair a bhíonn siad ag tarraingt ar an fhairrge aimsear mhaith a bhíonn leo.
    Nuair a bheas an chorr-mhónadh ag an fhairrge agus nuair a thig droch-athrú air imthigheann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Informant
    Donncadh Ó Gallchobair
    Gender
    Male
    Age
    79
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal