School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 256
  3. XML “Cluichí Eile”
  4. XML “Cluichí Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar dtús caitheann siad crainn go bhfeicidh siad cé a chaithfeas iad a leanamhaint thart ar na cruachaibh.
    Cleas an chnaipe.
    Sin cleas a bhíos ar siubhal i dtigh faire. Ar dtús gheibh duine cnaipe agus coinnigheann sé a chuid lámh le chéile agus an cnaipe istigh eatorra. Suidheann sgaifte thart agus bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag gabhail ó dhuine go duine agus an cnaipe leis. Bíonn dhá bhos gach uile dhuine sínte le taobh a chéile. Bíonn an duine a bhfuil an cnaipe aige ag cur a chuid lámh isteach idir dhá láimh an mhuinntir eile. Sa deireadh fágann sé an cnaipe i lámh duine éiginteacht i ngan fhios do'n mhuinntir eile. Cuireann sé ceist annsin cé aige a bhfuil an cnaipe agus buaileann sé an mhuintir nach mbíonn a fhios acú. Agus an duine a mbíonn an cnaipe aige annsin cuireann sé amach é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Pádruig Ua hArlaí
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
  2. (continued from previous page)
    Cluiche an Mhaide Chorraighe.
    I dtús báire gheibheadh beirt bhuachailll nó beirt chailín maide fada agus síneadh thar chlaidhe é a bhiodh giota tógtha amach ó'n talamh. Théigheadh duine ar gach taoibh de'n mhaide agus fhad agus bhíodh sé aníos agus síos bhíodh rann dhá rádh aca: " Ubaidí corraighe, bhí againn anuraidh ar mhaide Sheáin Nellie"
    Cluiche na cúirte
    Chruinnigheadh cuid de pháistí na comharsan agus ghnídheadh siad sraith mór cloch ag déanamh gur cúirt a bhí ann. Chuireadh siad doras uirthí agus sheasuigheadh duine amháin ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.