School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 186
- XML “Scéaltaí Grinn”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thall. Nuair a shroich siad talamh Mheiriceá
casadh fear ar an chaiptín a bhí ag rá nach
raibh fear ar bith abálta é a bhualadh amach
ag snámh. Dubhairt an caiptín go gcuirf(e)adh
sé cúig chéad punta leis go raibh fhios
aige-san fear a bhualfadh amach é. Chuir an
fear eile cúig chéad leis. Chuir an caiptín
sgéala fá choinne an fhir a bhí leis ar an
fhairrge. Tháinig sé agus rinne an bheirt
réidh fá choinne snáimh. Dubhairt an
t-Éireannach go rabh sé ag gabháil a' shnámh go h-Éirinn a dh'amharc ar a athair agus anall arís. Thug an fear eile suas dó agus chaill sé na cúig chéad punta. Séamus Mac Géidigh, Machaire-Rabhartaigh. Seán Mac Pháidín , Machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill. - Sgéal
Bhí beirt fhear ann am amháin darb ainm
Domhnall beag agus Domhnall mór. Bhí an
bheirt aca 'na luighe sa chistinigh agus bhí
an mháthair 'na luighe sa tseomra. Cibé rud a rinne Domhnall beag lá amháin bhí Domhnall mór fá choinne é chur chun báis. D'innis an mháthair seo do Dhomhnall beag . An oidhche seo tháinig Domhnall mór isteach agus tuagh leis. Nuair a fuair Domhnall beag Domhnall mór
agus an mháthair 'na gcodladh chuaidh sé
suas chun tseomra agus thug anuas an
mháthair agus chuir 'na luighe in-a leabaidh féin í. D'imthigh sé leis amach ar an doras annsin. I lár na h-oídhche d'éirigh Domhnall mór agus thóg an tuagh agus mharbhuigh an mháthair. Chuaigh sé i luighe san leabaidh annsin. Ar maidin(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Briain Ua hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal