School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 200
  3. XML “Fear a Báitheadh”
  4. XML “Fear Eile a Báitheadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an bhliadhain naoi gcéad agus a seacht déag báitheadh stócach fá thuairim seacht nó ocht déag a bliadhna ag an "Bharra" faoi an Fhal-Carrach. Ba mac-leighinn é a bhí ar Chóláiste Cholm-Cille agus tháinig sé go Coláiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh a fhóghluim Gaedhilge. Tráthnóna deas samhraidh amháin chuaidh sé féin agus a chuid comhráduidhe síos go dtí an "Barra" fá choinne snáimh. Bhí snámh maith aige acht chuaidh sé amach ró-fhada agus bheir an sruth air agus báitheadh é. Tháinig a athair agus a mháthair fá na choinne agus iad briste brúithte. Bhí tórramh mór leis go dtí stáisiún.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá sé suas le fiche bliadhain ó tharla an báthaidh seo. Fear ar b'ainm do Tomás Mac Suibhne a baitheadh. Ins an Fhoghmhar a thárla sé. Aon lá amháin bhí sé ag baint an choirce agus corrán a bhí aige. Bhí iomrádh mór go rabh eudálach ag teacht i dtír an t-am seo. Siúd síos a bhean fhad leis agus ar sise, "Nach bhfuil fhios agat go bhfuil eudalach ag teacht i dtír," agus tharraing sé an corrán as a láimh. D'imthigh sé. Do chaith sé tamall maith ag cuartú sula dteachaidh aige aon rud a fhagháil. Acht sa deireadh chonnaic sé léab mhór adhmuid ar an t-snámh. Súid a mharcaidheacht air é agus go díreach nuair a bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal