School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 311
  3. XML “Ag Scairtigh ar na hAinmhithe”
  4. XML “Ainmhithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ritheann an gamhain annsin fhad leis. Nuair a theighthear amach tráthnóna fá choinne na gcaorach le h-iad a chur isteach i na gcuid bóitheach scairtear mar seo ortha "Mea, Mea, Mea", agus cruinnigheann na caoraigh agus na h-uain go dtí taobh a chéile. Fosta, nuair a theightear amach a chuartugadh na lachan seo an dóigh a scairtear ortha "Feet, Feet", agus annsin cliuntear iad ag sgreadaidh go h-íseal.
    "Pisiú, Pisiú, Pisiú", an dóigh le scairteadh ar an chat agus ritheann sé fhad leat. "Tiuc, Tiuc", an dóigh le scairteadh ar na cearca chun bidh. Nuair a bíonn na daoine ag tabhairt deoch nó préataí de'n eallach deirtear "Chuo, Chuo, Chuo", agus fanann an t-eallach go suaimhneach. Nuair a bíonn cearc agus éilín ar shiubhal giota beag ó'n teach tosuigheann an duine a bíonn ghá gcuartughadh ag rádh "Birdí, Birdí, Birdí" agus tig na h-éanacha beaga agus an chearc fhad leis. "Hus, Hus, Hus" an dóigh le scairteadh ar mhuic chun a cuid bidh. "Goosey, Goosey", a deirtear leis an ghé. Nuair a téigheann duine a scairtigh ar chapall seo an dóigh a scairteann sé air :- "Pió, Pió, Pió", agus annsin ritheann an capall fhad leis. Nuair a bionn duine ag gabháil an bealach mor agus ba leis, agus ceann aca a ghabháil isteach i bpáirc nó i gcuibhreann deireann an fear leis an bhó "Buic, Buic" agus tigeann an bhó amach. Bhionn eallach agus caoirigh ag milleadh báirr agus nuair a a bíthear ghá ndreasadh deirtear leis an mhadadh, "Pis, catch him", cuir amach iad
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.