School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 292
  3. XML “Seanfhocla Eile”
  4. XML “Tuilleadh Seanfhocla”
  5. XML “Tuilleadh Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seamus Mac Géidigh, Machaire Rabhartaigh, Gort - an-Choirce, Tír Chonaill
    Sheán Mac Flaithbheartiagh, machaire-rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tuilleadh Sean-fhocla
    Mol an óige agus geobhaidh tú congnamh= Is furust an óige a mhealladh agus nuair a mholann tú i cuideócaidh sí leat. Mar an gceudhna nuair a mholann an máighistir scoile duine de na páistidh déanfaidh sé a thoil agus foghluimeóchaidh sé níos fearr.
    Smaointigh ath-uair sula labhraidh tú:
    Dá mbeitheá ag gabháil a labhairt ar dhuine ar bith de na comharsanaidh rud nár mhaith leat iad a chluinstin, ba cheart duit fanacht go bhfeicfeá an raibh aon duine aca sa chuideachta.
    Bíodh foighid agat.
    Is maith an rud foighid. Is iomdh uair a bhíos duine i n-achrann agus dá mbéadh foighid aige fanacht go dtiocfadh duine a réidhteochadh é bhéadh sé ceart go leór. I n-áit fanacht le tárrthail muirfidh sé é féin ghá réidhteach. Ní bhíonn foighid aige. Sílfidh sé nach dtig aon duine trasna air a choidhche.
    Ná tabhair breith ar an chéad sgéal.
    Nuair a chluinfheas tú sgéal ar dtús ná leig a dhath ort ar eagla gur bréag atá ann nó go gcluinidh tú gur fírinne é. Nuair atá sé ag gach duine caithfidh sé a bheith fíor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.