School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 198

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 198

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 198
  3. XML “Longbhriseadh Eile”
  4. XML “Longbhriseadh Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an Wasp ag teacht aniar ar aghaidh Toraighe tamall fada ó shoin. Saighdiúirí uilig a bhí uirthí. Aimsear dheas ann fá mhí Deiridh Fhoghmhair agus na daoiní uilig ag baint na bpréataí. Tháinig ceo uithí agus i lár na h-oidhche cuireadh isteach ar chreagacha Thoraighe í. Briseadh uilig í agus fágadh an chuid díthe sna creagacha. Thiomáin an fhairrge na saighdiúirí gach bealach. Sábháladh ceathrar aca agus fuairtheas an chuid eile fá na cladaigh. Cuireadh cuid aca i roilig na gCrosbhealach agus cuireadh an chuid eile siar. Bhí dhá phunta le fághail ag duine ar bith a gheobhadh corp aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tháinig long isteach ar an bhaile seo am. An 'Beicliú' a b'ainm dí. Tháinig sí ó Mheiriceá acht tháinig stoirm uirthí agus cuireadh suas ar an ghainimh ar an Chlochán í. Fuair na fir ar shiubhal díthe agus tháinig siad aníos go dtoightibh an bhaile agus fuair siad lóistín.
    Gach lá théigheadh siad féin agus muinntir an bhaile síos le na cur ar an fhairrge acht ní raibh siad ábalta. Fear ar bith a chuideaochadh leo gheobhadh sé páighe. Chaith sí trí bliadhna sa ghainimh ar Maghbille. D'fhág sí annsin acht chuaidh sí ar na creagacha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Fhionnlaoigh
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Mac Fhionnlaoigh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal