School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 206
  3. XML “Cuntas fá Theach a Dóigheadh”
  4. XML “Dóghadh”
  5. XML “Dóghadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duine aca leis dealán agus thoisigh a chuartú faoi an leabaidh. Chuir sé an leabaidh le theine i n-áit innse do'n té a bhí sa leabaidh d'imthigh sé fá choinne uisge. Ar theacht arais dó bhí an leabaidh le theine. Cuireadh an fear a bhí sa leabaidh i n-a shuidhe agus b'éigean an t-eallach a thabhairt amach ar poll a bhí i gceann an toighe. Dóigheadh an teach uilig agus an trosgán fosta. B'eigean dóibh airgead a chruinniú a chur suas teach úr. D'fhan siad i dteach de chuid na comharsan go rabh sé deánta. Nuair a tháinig an fear a bhaile thuit sé i laige nó shíl sé go rabh a bhean agus an teaghlach marbh, acht tháinig sé as.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dóigheadh cúig cruacha cócáin le fear as an Árdaidh Mhóir tá cúpla bliadhain ó shoin. Ní rabh fhios ag fear an toigh cé dhóigh iad. Dóigheadh teach siopa ar an taoibh seo de Ghort a Choirce. Ní rabh siad acht i ndiaidh é a chur suas nuair a dóigheadh a rabh istoigh ann. Cuireadh ceann úr air acht dóigheadh arais é. Annsin cuireadh bail arais air agus tá sé ann go fóill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. fires (~306)
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
  3. Fad ó shoin bhí teach ar an bhaile, agus bhí almhain le pósadh ann agus bhí buideal uisge beatha aige i bhfolach san chócán ins an t-seomra. Bhí a athair ghá chuartú sa t-seomra thuit an choinneál agus chuaidh an teach ar theinidh san bhliadhain 1874.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.