School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 253
  3. XML “Seanchleasannaí”
  4. XML “Cluichí Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad béal an t-soluis isteach ins an pholl, agus cuirfidh duine acú a lámh leis an t-solus fá choinne gan bealach éalóidh a thabhairt do'n éan a bíos istigh. Is annamh oidhche a thig siad abhaile gan éan nó beirt a bheith le achan duine acú ar an taobh is lugha.
    Seo liosta acú:- "Na Muca Beaga" "Follachan na mbeann" "Banríoghinn na gCullach", " Cleas na slise" "Dallóg" "Ag imirt cleas na cathaoireach" " Ag cathamhadh pighneach" "Ag cúntas na gcaipí"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cluichí Eile
    Is minic a bhíos páistí i n-a suidhe cois na teineadh agus iad ag imirt cluichí. Seo cluiche amhain a bhíos aca: Buaileann duine aca cúpla buille ar dhruim an duine eile agus seo an rann a bhíos sé a rádh ar feadh an ama:-"Crugaide, cragaide, lár mo dhrom-sa agus lár do dhrom-sa a's cé mheud adharc ar bhocaite-boc?" Cuirfidh an duine atá ag bualadh na mbuillí ar dhrom an duine eile suas a chuid méar ag innse cé mheud adharc a bíos ann. Mura mbídh fhios ag an fhios ag an fhear eile annsin é caithfidh sé dul amach as an chluiche.
    "Brian Beo"
    Bíonn cipín ag duine aca agus bárr lasta air. Bíonn siad ag cur an chipín ó dhuine go duine agus cé bith a leigfeas an solus as béidh an dealán air. Seo an rann a bhíos aca ar feadh an ama:- " Brian beo, Brian marbh, má fhághann Brian beo bás béidh ban dealán ort-sa."
    " Ag cur i bhfolach an fhóid"
    Chaitheadh dhá dhuine nó níos mo a bheith ins an chluiche seo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Canann
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal