School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 310
- XML “Bia na nAinmhithe”
- XML “Ag Scairtigh ar na hAinmhithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá. Biadh maith é seo le iad a reamhrú.
Turcaigh :- min-choirce, préataí bruighte agus coirce an gnáth bhiadh a bheirtear dóibh. Caithfidh tú cnapáin a dheánamh do'n mhin choirce le é a thabhairt dóibh mar is cóir. Bheirtear an choirce dóibh uair amháin sa lá. Bionn na préataí bruighte agus iad briste suas agus grainín min bhuidhe ortha.
Gabhair :- Aiteann agus préataí an biadh is fólaine do ghabhair. Sé sin tuairim na ndaoine.
Biadh fá choinne leigheasanna a dheánamh do eallach.
Ba :- bheirtear gáirléog agus í briste suas go min do ba nuair a bhios tinneas ar bith uirthí i ndiaidh gamhain a bheith aicí. Bheirtear subh cullan daibhche dóibh nuair a bhíos tinneas ar bith ortha agus gan iad ag ithe a dhath. Tá seagal bruighte maith fosta.
Capaill :- Greadadh de phór chapógach thabhairt dóibh dá mbeadh casachtach ortha a dtugtar "fóc" uirthi.
Muca :- Bheirtear braon maith tae do mhuca nuair a bhíos aicid ortha. Bheirtear "bromstan" dóibh fosta.
Cearca :- Tá col faithche agus bran maith fá choinne cearc a mbíonn aidiceaca nó galair ortha. Tá cál bruighte maith folláin ag cearca. - Nuair a teigh duine amach le deoch chuig gamhain tosuigheann sé ag scairtig mar seo ar an gamhain fá choinne é a theacht fhad leis. "Suc, suc, Sucai bocht(continues on next page)