School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 204
- XML “Báthadh”
- XML “Dóghadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Báitheadh bean thoir i n-aice le Corrán-Binne. Bhí sí naoi dtroighthe naoi n-uaire. Shiubhal sí an fhairrge uilig is cosamhail go rabh sí le fágail annsin agus i n-a diaidh sin baisteadh "Poll a Ghoill" air.
Cailleadh fear i nInnis Bó Finne, tá fad ó shoin. Bhí sé ag gabháil chun an bhaile agus é ag marcaigheacht ar chapall. Nuair a bhí sé ag gabháil trasna tháinig tonn agus chaith sé anuas ó'n chapall é. Shnámh an capall nó go dtáinig sé isteach ar an oileán. Ní fhuaireadar an fear go cionn fada go leor.- Collector
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Bhí lucht faire na gcuan i n-a gcomhnuidhe i Machaire Rabhartaigh. Teach bréagh árd a rabh siad i n-a gcomhnuidhe ann. Nuair a chuala siad iomrádh ar an chogadh a bhí le theacht tháinig long fad leis an chéidh. Bhí a gcuid toighteach fágtha agus gan aon duine ionnta. Annsin tháinig eagla ar na daoine go dtiocfadh Arm na Sasana a chomhnuidhe ann. Tháinig na saighdiúirí agus dhóigh siad an teach mór.