School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 202
  3. XML “Fear Eile a Báitheadh”
  4. XML “Fear Eile a Báitheadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chaith siad díobh a gcuid éadaigh agus amach leo. Nuair a bhí siad amuigh tamall tháinig siad isteach aríst.
    Ní luaithe bhí siad istoigh nuair a dubhairt fear aca leis an fhear eile, “Rachfaimid amach aríst.” Dubhairt an fear eile nach rachadh sé leis. Sa deireadh d’imthigh sé féin amach agus d’fhan an fear eile istigh. Nuair a bhí sé tamall amuigh thoisigh an sruth a bhreith air agus thoisigh seisean a imtheacht leis an t-sruth. Arsa seiseann leis an fhear do bhí istigh. “Tá tusa astoigh agus tá mise amuigh,” fá dheireadh d’imthigh sé as amharc agus báitheadh é. Tháinig an fear eile aníos ‘un an bhaile agus d’innis sé fa’n tubáiste. Chruinnigh cuid mhór daoine thart fa’n áit. Sa deireadh chonnaic duine aca corp an fhir a báitheadh ag snámh ar bharr na fairrge. Thugadar leo bád agus amach leo acht ní rabh sé le feiceáil thíos nó thuas acú. Ní b’fuarthas a thuairisc ariamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Báitheadh fear i gCill Ulta tá cúpla bliadhain ó shoin. Deirtear go raibh sé ag baint feamnughadh, ach nuair a b’fhada le na mhuinntir gan é a theacht isteach, chuaidh siad ghá chuartughadh. Fuair siad báidhte é fá thuairim céad slat ó’n teach. Mheas siad gur’bh é féin a bháith é féin. Thugadar abhaile é annsin agus cuireadh é cúpla lá ‘na dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Fhionnlaoigh
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus Mac Fhionnlaoigh
    Gender
    Male
    Age
    83