School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 257
  3. XML “Cluichí Eile”
  4. XML “Cluichí Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chruinnigheadh an chuid eile thart ar an chúirt ag leigint ortha fhéin gurbh pis a bhí curtha innti. Deireadh an mhuinntir a bhí amuigh; " Fan go líonaidh muid ár bpócaí de'n phis, phis, phis" " Nil aon duine sa phis go fóill", a deireadh an fear a bhí ag coiméad an dorais agus le sin leanadh sé an mhuinntir eile. Dá bhfuigheadh sé greim ar aon duine acú chaithfeadh an té sin seasamh sa doras. Bhéadh siad ag gabhail leo mar sin nó mbíodh siad sáruighthe de.
    "Cleas an phota"
    Gheibheann duine pota agus cuireann sé préata isteach faoi. Cuireann sé duine eile 'na suidhe ar an phota ag leigint air féin go bhfuil sé ag gabhail a thabhairt amach as faoi. i n-áit a bheith ag deánamh sin, sé an rud a bíos sé a dheánamh ag baint an t-súithche de. Nuair a bíos lán a chráig aige cuimlinn sé de aghaidh an duine eile a bíos 'na suidhe ar an phota é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Spuach luatha
    Is gnathach le beirt nó thriúr a bheith ag imirt an chluiche seo. Ar dtús cuireann duine amháin cnap mór luatha amach ar leic na teineadh agus cuireann sé slat na seasamh i n-a lár. Annsin tosnuigheann gach duine le bata beag ag iarraidh thabhairt amach gach iarraidh leis an bhata. Cé bith duine annsin a leagas an bata cuirfear piionus éigin air. Sé an pionus is coitcheannta: An duine a rinne an choir, cuirtear ar a dhá ghlún é agus tarrnaigtear a chluas trí h-uaire.
    Rí na gCullach.
    Suidheann na h-imireóirí uilig thart ar an urlár i n-a gciorcal acht amháin "Rí na gCullach" a bhios i n-a shuidhe astoigh i lár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seamús Mac Aodha
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal