School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 208
  3. XML “Aicíd”
  4. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé le dhá fhichead bliadhain ó shoin é bhris aicíd amach san áit seo. Ní raibh fhios ag na daoine cá h-ainm a bhí uirthí agus bhaist siad an "Aicíd Mhór" uirthí. Ní raibh fhios ag na daoine caidé ba chionntuigh le seo. Shíl siad gurab'é an rud a thóg é cionn'us go rabh an t-eallach atoigh ins na toighthe ag na daoine. Fuair cuid mhór daoine bás mar nach raibh óisbidéil ar bith ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
  2. I
    A Íosa, 'Mhuire, agus a Ioseph, bheirim mo chroidhe agus mo anam duit. 'Íosa, 'Mhuire, agus a Ioseph, go téighidh mo anam fríd do lámha beannuighthe an lá deireannach Amen a Íosa.
    II
    Síntear mise sa leabaidh seo 'gus már síntear mo chorp san uaigh. Ceithre choirnéil ar mo leabaidh agus ceithre h-Aingle go rabh innú. Dia amuigh agus Dia istigh, Dia agus Críosta i gcuid de'n teach. Murlamh h-Aingle cumhdaigh mé. Críost ag cionn, Naomh Eoin baiste 'gus na h-easbail ag mo chosa. A Mhaighdean a Mhuire má thig a dhath orm ins an oidche 'gus mé mo chodladh musgail mé.
    III
    Is mé an créatúr lag faoi ualach throm, ag cois na croiche guidhim suas duit a Íosa a Mhuire le mé chur ar bhealach mo leasa agus mé a shabháil ar gach olc, Amen.
    IV
    Ó a Dhia mhór uile-chumhachtaigh is tú mo chruthuitheóir 'gus mo aireach liom. Sábhail mé ar thúbaistí agus ar dháinséir ar feadh oidche agus lá agus go h-aírid ar uair mo bháis Amen.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.