School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 243
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-chárdanna.
    " An dóigh a ndéantaoi coinnle fadó"
    Leagtaoi im ar channa i dtús báire Bhainthidhe an croiceann de na feadhacga agus leaghtaoi an t-im agus na feadhacha i gcuideachta a chéile ar feadh trí lá go mbíodh an dá chuid siocaidhthe suas. Bhíodh coinnle mhór fhada deánta acú agus solus ortha comh maith leis ana coinnle atá ag gabháil anois.
    " An cineál lampaí a bhíodh acú".
    Ar dtús bhaineadh siad an spealt amach as an iasg agus leagadh siad ar channaí í. Annsin chuireadh siad aibhleóg dhearg anuas air, agus bheireadh sin cineál de sholus ghorm uaidh. B'fhéidir i gcuid de na toighthe nach mbéadh ionnta acht spéalt amhain éisg, agus nuair a bhíodh sí sin dóighthe acú chaitheadh siad a bheith ag tionntódh aibhleóg ar an teinidh. Chaitheadh na mná a gcuid fuaghala a dhéanamh ag an teinidh, agus gan mórán soluis uirthí acht oiread.
    " An dóigh a ndeántaoi aol do dhóghadh".
    I dtús báire, ghlantaidhe amach áithche an aoil agus ní bhíodh a dhath fágtha acht an clocha "clúinte". Annsin chaiththidhe cliabh nó beirt mónadh i mullach na gcloch, agus chaiththidhe isteach na clocha gorm nó na sligeáin indiaidh sin, agus cliabh túrtóg i mullach an aoil. Bhíodh an áithche ag dóighadh léithe rith na h-oidhche agus ní bhíodh an t-aol in-tógtha go cionn dhá lá nó trí Annsin thógtaoi isteach i málaí é agus chuirtí i dtaisge é.
    " An dóigh a ndeántaoi rópaí de fhionnadh capall".
    Fadó, ní leigthidhe aon ghráinin amháin de fionnadh na gcapall amugha. Bhíodh gach aon ghrainín go cúramach acú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal