Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí triúr cloinne aicí. Bhí siad iongantach bocht. La amháin chuaidh an mháthair chun an t-siopa. Níor fhág sí astoigh acht an triúr. Ní rabh sé i bhfad go dtáinig duine éiginteacht chun an dorais. Rith na páistí siar faoi an leabaidh. Tháinig an duine isteach. easbóg do b'eadh é. Sgairt sé ar na páisti acht ní tháinig aniar acht duine amháin aca." Cá bhfuil do mháthair?" arsa an t-Easbóg. "Chuaidh sí chun an t-siopa" arsa siadsan. " Am mbeidh sé i bhfad go dtigidh sí, arsa an t-Easbóg. "Ní bheidh " ar siadsan acht sa deireadh arsa an t-Easbóg leo. "Ar ith sibh feoil ar bith indiú?" Níor labhair na páistí ar choir ar bith. Sa deireadh d'éirigh an t-Easbóg le h-imteacht agus nuiar a bhí se ag dul amach ar an doras, arsa duine aca leis "Caor theinteáin air síleann sé gur am nodlaig atá againn." D'imthigh an t-Easbóg nuair a chuala sé an chainnt seo agus gach gáire aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal
    Bhí trí ghadaidhe ann uair amháin agus fuair siad amach go raibh fear saidhbhir i n-a chomhnuidhe i n-aice leó. Rinne an triúr aca suas go gcuartóchadh siad an teach oidhche éiginteacht agus go dtabharfadh siad leó an t-airgead. Tháinig an tiúr aca i lár sn meadhon oidhche acht ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall