Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 298
- XML “Seo Lucht Siúil Eile”
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Cuntas Eile fá Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Domhnall dall:- Ní rabh mórán múnadh ar an fhear seo. Chaitheadh sé lóistín a fhágháil i ngach teach a mbíodh sé ann. fear mór malaí a bhí ann. Agus bhí a ainm féin ar gach mála aca.
- Róise an mhadaidh:- Ba as Dún -Lúithce Róise agus bhi sí ag dul thart ag cruinniughadh uibheach agus rudaí mar sin. Bhi trí madadh léithe corr uair agus bhíodh bata léithe fosta. Bhi na madaidh foghluimthe le léim a thabhairt thar an bhata. Bhí sí i n-America ar tús acht bhuail aicíd í ar a dtugann siad an fiabhras creatha air agus b'éigean díthe a theacht chun an bhaile. Málaí a bhí déanta de éadach gharbh a bhíodh leóbhtha. Bhíodh fáilte mhór roimh 'na bacaigh fadó. Chodluigheadh siad i dtoighthe na comharsan. Bhiodh siad dhá oidhche ionnta. Bhíodh go leór sgeáltaí agus paidreacha aca. Chruinnigheadh cuid mhór daoine isteach ins na toighe a d'éisteacht leóbhtha.
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- fadó ba gnáthach le cuid mhór i gceart bacach a bheith ag gabháil thart. Seo cuid díobh Eibhlín Woods, Aodh na-coise, Tomás an Sparáin, Paddy Máirtin Anna an oileáin, Síle dubh-n- uibheach , Pádraig - na - sguab, Tam na spág, Seán Bán, Máire Pet.
Eibhlín Woods :- Ba as Íochtar na Rosaibh í bhí sí na(leanann ar an chéad leathanach eile)