Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 196
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalFad ó shoin bhí bean ann agus char ghearr sí a cuid gruaige ariamh nó gur fhás sí thar a cuid guailne. Bhí grainín airgid aici agus chuir sí isteach i n-a cuid gruaige é. Ní rabh mórán céille aici agus nuair a chuireadh na daoiní ceist uirthi cá rabh a cuid céille? Deirfeadh sise, 'Tá sí astoigh i mo chuid gruaige. ( Tamall i n-a dhiaidh sin pósadh í agus chonnaic an fear an t-airgead ins an ghruaig). Tamall i n- a dhiaidh sin pósadh í agus chonnaic an fear an t- airgead ins an ghruaig agus thug sé leis é. Tháinig fearg uirthi annsin agus d'imthigh sí amach agus chuaidh sí a chaitheamh cloch ar an teach. D'imthigh seisean leis agus bhí seól aige agus chuaidh sí anáirde air agus bhris sí é. Chuaigh an gamhain a bhí i gcionn an toighe a bhuithrigh agus bhí eagla uirthí go n-inneosadh sé é agus mhairbh sí é. Tháinig an fear agus chonnaic sé an fhuil agus sgairt sé amach uirthi. ' Caidé a chuir an fhuil annsin?'' Arsa an fear. 'Tá arsa sise, 'bhris mise an seól agus bhí eagla orm go n- inneosadh sé é.' ' Tá mé ag imtheacht ar maidin agus chá phillim go maidin'' Leanfaidh mise thú' arsa sise.
Bhal tarraing an doras amach do dhiaidh' Thóg sí o na h- innsí é agus d'fhág sí ar an chlaidhe é. Nuair a bhí an fear píosa ar shiubhal chonnaic sé beirt fhear agus iad ag iarraidh an teach a thionntódh ar an taoibh eile. ' Is sibh atá amudha' ars seisean. ' Fosgail an doras cúil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Fhionnlaich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall