School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 239
- XML “Cuntas Eile ar Dhaoine Cáiliúla”
- XML “Rinceoirí Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rása. Bhí cúpla suine eile sa rása fosta acht thuit siad amach i lár an rása. Tá fear ar oileán Innis-Bó-Finne agus tá sé iongantach maith ag snámh. Pádraig Ó Colla is ainm do. B'fhóbair gur báitheadh é tá naoi mbliadhna o'shoin. Séamus Mac an Bháird as Oileán Thoraighe an rinnceóir ab fheárr a bhí annseo le cuimhne na ndaoine. ba gnáthach leis a bheith ag damhsa i gcuideachta na n-iasgáirí thiar, ag teacht lucht faire na gCuan-Mhachaire Rabhartaigh. Ní rabh aon duine sa chuideachta a bhuailfeadh amach é
- Rinncéirí Cáileamhla.
Aon uair amháin bhi bean 'na comhnuidhe ag Mám a Chaisil. Eibhlín Sheimísín Colm a b'ainm dí. Bhí sí ar na daoine a b'fhéarr a bhí ins an tír ariamh ag damhsa. Bhí fear eile i gConnachta agus ba h-é a bh'fhéarr ins an chúige sin ariamh ag damhsa. Ní rabh muinntir Chonnachta sásta tabhairt isteach annsin go dtiocfadh le muinntir na h-áite seo iad a bhualadh amach ag damhsa. Aon uair amháin bhí damhsa mór le bheith ag muinntir Chonnachta agus thug an fear sin cuireadh do'n bhean a dhul siar le fágháil amach cé a b'fhéarr. Nuair a thosuigh an damhsa ba ag an fhear a bhí an chéad seans agus ba h-é an cúrsa a d'iarr s e "Beatha an Tinncléire". Thoisigh an bheirt aca a dhamhsa agus nuair a bhí deireadh thart ag an chéad chúrsa bhí an bhuaidh léithe. Bhí an dara seans aicí agus is é an cursa a d'iarr sí a dheánamh "An colamán ar an Ghafta". D'éirigh seisean fosta acht ní rabh sé ábalta a dhul nios fuide. Ní thiocfadh leis an cúrsa a dheánamh ar chor ar bith. Bhí an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Aodh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall