Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Long Eile a Briseadh”
  4. XML “Long Eile a Briseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí soitheach éadaigh ag teacht aniar as na h-Oileáin Thiar aon uair amháin tá fiche bliadhain ó shoin. Bhí ceo ar an fhairrge agus bhí sé i ndoimhneacht na h-oidhche. Nuair a bhí siad fá dhá mhíle de Oileán Thoraighe, dubhairt fear de na seolteóirí leis an chaiftín go bhfacaidh sé talamh, agus d'iarr sé ar an chaiftín tarraingt suas. Níor labhair an caiftín nó duine ar bith eile. Nuair a tháinig siad níos deise de bhaile, de OIleán Thoraighe, labhair an seoltóír aríst, acht ní luaithe bhí na focail ráidhte aige nuair do bhuail an soitheach suas i n-éadan binne.
    Cuireadh an maide tosaigh isteach fríd an bhinn agus rinneadh dhá chuid de. Briseadh taobh an t-soithigh agus thoisigh an t-uisge a theacht isteach. Thoisigh na seoltóirí a ghabháil an-áirde acht ní rabh maith ann. Chaith siad uilig díobh a gcuid éadaigh agus amach san fhairrge leo. Chuaidh fear amháin le léim sa bhinn agus sábháladh é sin. Báitheadh dhá fhichead agus ocht gcloigne uilig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Curráin
    Inscne
    Fireann