Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Daoine a Báitheadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Báitheadh trí dhuine a bhí ag an tráigh ag baint slabhaic uair amháin. Nuair a bhí siad ag dul ‘un an bhaile chuaidh siad trasna ag “Cor-na-Leathaigh” agus báitheadh annsin iad mar go rabh rabharta ann ins an am. Bhí trí dhuine eile ag dul isteach ‘un an oileáin lá agus báitheadh iad ag an “Chlochán”. Beirt fhear agus bean amháin do b’eadh iad. Báitheadh beirt fhear am eile a bhí ag teacht isteach le ultach leathaigh. Níor báitheadh an bheirt ins an am cheudna.
    D’fhág bád Innis Bó Finne oidhche amháin i mí Meadhon an t-samhraidh sa bhliadhain 1929 ag gabhail a dh’iasgaireacht bradán. Ceathrar fear a bhí san bhád; beirt dhearbhráthair a bhí ann agus beirt fhear eile. Bhí an oidhche comh ciúin agus nach mbogfadh sí ribe ar do cheann. Nuair a bhí a gcuid eangach sínte aca caidé thárluigh theacht aniar báigh Thoraighe acht soitheach. Bhuail sé an bád agus rinne sé dhá chuid díthe. Bhí triúr de na fir istigh i bpíosa de’n bhád agus fear amháin sa phíosa eile. Níor bhfada go bhfuair beirt aca bás. Fágadh annsin duine ar gach píósa de’n bhád. Fuair fear eile acú bás le teacht an lae. Bhí an fear eile leis féin annsin. Thárla sé go raibh sóitheach eile ag gabháil thart an bealach i dtrátha a naoi a chlog agus thóg sé léithe an fear a bhí fágtha. Fuarthas fear de’n mhuinntir a báthadh seachtmhain i na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. bá (~292)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Géidigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall