Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Táirgí Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tairgí Óir
    Tá buatais óir i bhfolach ins na "Clocha Móra", sin cnoc atá ar an cheann thoir de Mhachaire-Rabhartaigh. Deirtear gur fear de na "Fianna Éireann", a tháinig anall an tráigh lá ag tarraingt ar Mhachaire- Rabhartaigh agus bhí buatais an óir leis. Bhí se fá choinne a theacht trasna an bealach sin aríst agus bhí sé iongantach tuirseach agus d'fhág sé an t-ór i n-a dhiaidh go dtiocfadh sé aríst. Dubhairt sé: " Tá mé ag fágail mo bhutaise óir i bhfolach ar aghaidh tuinne na h-Áirde Tuaidh, idir Chnoc Fola agus talamh na Mara Ruaidhe". Bhí sé iongantach láidir agus d'fhág sé faoi lic mhóir an bhuatais óir agus cloch iongantach throm i mullach na leice. Tá an áit sin le feiceáil ag duine ar bith;- an leac mhór i n-a luighe ar an talamh, dha chloich bheaga chruinne i mullach na leice agus cloch a bhfuil meadhchan mhór innti i-n-a luighe anuas ar na clocha cruinne. Rinne beirt fhear as an bhaile seo iarracht fá choinne an bhútais a fhágail acht ní bh fhuair siad í Faoi chloich eile a bhí siad cuartiú agus sin an fáth nach bhfuair siad í.
    Tá an bhútais óir annsin ariamh ó shoin faoi an leic agus níor baineadh léithe. Deir cuid de na daoine gur cheart a ghabhail agus í a chuartú acht deir cuid eile acú go mbéadh mí-ádh go deo ortha, dá bhfuigheadh siad ór a bhéadh i bhfolach nó go bhfuil an t-ór sin ag na daoine beaga. Deir cuid eile aca nach mbéadh mí-ádh nó ádh ar an té a gheobhadh ór i bhfolach. Níl fhios ag na sean-daoine fá ainmhidh ar bith a bheith ag cosaint an bhuatais óir atá i bhfolach ins na "Cloch Móra" agus an cróca óir atá i bhfolach ag bun cuid "Beanna Thaoibh an Léithid"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Géidigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall