Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 179
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tím i n-a suidhe, i n-a seasamh í, agus tchím i lár na h-oitreach í, ceo nó driúcht ní leagann í agus ní stadann si de shiubhal. An ghealach;
D'éirigh bean mhór loinneardha thoir indé agus d'amharc sí siar. An Ghrian;
Droichead ar loch gan maide gan cloch.
Lic oigre;
Rith mé go bhfuair mé é, suidh mé gur chuartigh mé é, má fuair mé é, chaith mé uaim é agus mar nach bhfuair bhí sé liom. Dealg i do chois.
Tá caora le feiceáil achan oidhche agus níor chuntas duine ar bith ariamh cé méad míle caora léithe. An ghealach agus na reulta.
Chuaidh triúr cloinn Stiophán bhig amach a bhaint an Foghmhair maidín adhaigh; An méid a bhain siad d'fhág siad i n-a ndiaidh é agus an méid nár bhain bhí sé leo? Triúr fear ag baint amach féasóige; Teachtaire bheag ó thigh go tigh agus bíonn sé amuigh san oidhcche? Casán.
Níl sé amuigh agus níl se astuigh; tá sé idir aer agus talamh? Fuinneóg.
Tá sé i n-a sheasamh ar chois amháin sa ghárradh agus céad míle cóta air agus gan aon cheann acú fuaighte? Ceairtlín Cáil.
Tá rud ann agus tá sé ró-bheag, agus dá mbainfeá giota de bhéadh sé fada go leór? Uaighe. Tháinig sé idir fuil agus feoil agus ghní sé siothcháin idir caraid agus námhaid? Cleite Gé. Comh Cruinn le ubhall comh leathan le pan, leath mná agus leath fir? Pighinn.
Tá ceathrar 'na rith agus ceathrar ar crith, beirt ag deánamh an [áis?] agus tóbaí ar deireadh. Bó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Fhionnlaighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall