Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 231
- XML “Táirgí Óir”
- XML “Táirgí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhear eile. Bhí sgríobhtha ar chlár phota an óir. " The same on the other side" D'imthigh an fear eile fosta agus fuair sé pota eile san áit cheudna.
- Tairgí OirDo réir an t-seanchuis atá ag na seanduiní deirtear go bhfuil croc óir i bhfolach i n-áit a dtugtar "Sruthán-Mín-na-nGamhnach" air. Tá sé ag bun creige atá ann agus tá lorg éighinteacht sa chreig. Chuaidh fear fhad leis aon uair amháin. Thosnuigh sé ag tochailt leis fá bhun na creige nó go dtí sa deireadh gur bhuail sé an leac a bhí ó's a cheann. Thóg sé an leac agus caidé a tcídh sé acht an pota Bhí sé ar tí é thógáil nuair a chruinnigh ceo thart uilig air agus thosnuigh míoltógaí ag ithe na súl as. Le sin chruinnigh léar taidhbhsí air. Bhí cuid aca fá choinne é a bháthadh agus bhí an chuid eile a shábháil. Thosnuigh siad ag damhsa thart air annsin. Bhí an damhsa comh deas sin gur thuit sé na chnap chodlata agus nuair a mhusgail sé tcídh sé é féin na shuidhe ag doras a thoighe.
Tá buatais óir i bhfolach i n-áit a dtugann siad an "Taobh bán" air i "mBinn an Fhéidh" Níl fhios ag aon duine cé an spot san ait a bhfuil sé i bhfolach ann.- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua hArlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80