Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Póstaíocha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Póstaidheacha
    Fad ó shoin ba h-an tam de'n bhliadhain a bpósfadh na daoine ó Nodlaig go dtí Féile Pádruig agus deirtí an té nach mbéadh pósta an t-am sin go mbéadh a cheann san phota. Deirtí gurab é am mío-ráthamal chun pósta, roimh Nodlaig agus i ndiaidh na Féile Pádraig. Is ceart duit cearc, nó gé nó rud mar sin a mharbhughadh oidhche Mháirt -n-a h-Inide. Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus chuaidh sé soir go Baile-na-Creige a dh'iarraidh seort mná. Bhí sé ólta agus níor mhothuigh sé ariamh gur leagadh anuas ó'n chapall go talamh é, agus d'imthigh dhá fhiacal as. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. D'imthigh sé leis agus nuair a tháinig se go teach na mná, isteach leis, agus d'innis se an sgéal díthe. "Dá gcaillfeá an cár uilig rachainn leat" arsa sise. Nuair a bhíodh fear ag gabháil chuig mnaoi fadó, chaitheadh beirt nó triúr fear eile a bheidh leis. Théigheadh siad an cheud uair agus cheannuigeadh siad barraile[?] mór póitín agus bheireadh siad leobhtha é go dtí an teach acht sula dtéigheadh siad isteach chuireadh siad an póitín i bhfolach san ghárradh ar eagla nach bhfuigheadh siad an bhean, Ní bhéadh an póitín caillte ortha. Annsin dá bhfuighfidhe an bhean rachadh beirt nó triúr fear amach agus bheireadh siad isteach an póitín, As annsin a bhéadh an sport, agus an ceól, agus an rinnce. Nuair a chluineadh an taos óg oidhche de'n chineál seo le bheith ann chruinnigheadh siad thart fá'n teach. Bhí oidhche amháin ann agus bhí fear dá phósadh ar an bhaile seo. Cineál de leath-dhuine dó bhí ann agus bhí fhios ag achan duine go mbéadh oidhche amach ann. Chruinnigheadh lucht na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall