Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Molly Bhán”
  4. XML “Peata Phádruig”
  5. XML “Máirín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peata Phádruig
    I. 'S daor a cheannuigh brocaigh do shiubhal a Phádruig.
    Ar a ghabháil go abhainn an t-Samhadh duit a's rópa i do láimh leat
    Ar philleadh abhaile duit fuair tú brocaigh báidhte
    Chrom tú do cheann a's chaoin tú go cráidhte.
    II. Stilléirí chloinn Mháire na stilléirí go náire
    Cha dtabharfadh siad deor, le h-ol do chaillín nó do páiste.
    Dá dtiocfadh na síothmhaoir ortha, ní chuirfimís láimh leo.
    A's rún leis an chrúsgín as bíodh sé lán.
    III. Tá peata ag Eoghan Ó Dubhgáin as ghlacadh sé a bheith liomra
    Tá ceithre cinn eile ann a's shílfeá gur pápa iad
    Tá dhá ladhair coise ortha a's laingín ar a lorg.
    A's gur thíos i lag na seamróg d'fhuigeadh Meadhbha gach lá iad.
    IV. Tiocfaidh peata Chaitlín 'na ghárraidh seo amáireach
    Cuirfidh seisean imrtheadh ar pheata Sheáin Phaidín.
    Caidé thug ort a rádh gur gadaidhe mé sa ghárradh?
    Má théid an chúis chun tosaigh cé h-air a mbéidh an cápa?
    As ólfaidh muid sláinte na n-eunlaith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua hArlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
  2. Máirín
    Is iomdha amhrán binn a rinneadh le mo linn,
    Is leathnaidh mé le sin mo mháirín beo.
    Acht éist anois, a bhuachaillí, fá rann anois do mhnaoi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.