Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 186
- XML “Scéaltaí Grinn”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thall. Nuair a shroich siad talamh Mheiriceá
casadh fear ar an chaiptín a bhí ag rá nach
raibh fear ar bith abálta é a bhualadh amach
ag snámh. Dubhairt an caiptín go gcuirf(e)adh
sé cúig chéad punta leis go raibh fhios
aige-san fear a bhualfadh amach é. Chuir an
fear eile cúig chéad leis. Chuir an caiptín
sgéala fá choinne an fhir a bhí leis ar an
fhairrge. Tháinig sé agus rinne an bheirt
réidh fá choinne snáimh. Dubhairt an
t-Éireannach go rabh sé ag gabháil a' shnámh go h-Éirinn a dh'amharc ar a athair agus anall arís. Thug an fear eile suas dó agus chaill sé na cúig chéad punta. Séamus Mac Géidigh, Machaire-Rabhartaigh. Seán Mac Pháidín , Machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill. - Sgéal
Bhí beirt fhear ann am amháin darb ainm
Domhnall beag agus Domhnall mór. Bhí an
bheirt aca 'na luighe sa chistinigh agus bhí
an mháthair 'na luighe sa tseomra. Cibé rud a rinne Domhnall beag lá amháin bhí Domhnall mór fá choinne é chur chun báis. D'innis an mháthair seo do Dhomhnall beag . An oidhche seo tháinig Domhnall mór isteach agus tuagh leis. Nuair a fuair Domhnall beag Domhnall mór
agus an mháthair 'na gcodladh chuaidh sé
suas chun tseomra agus thug anuas an
mháthair agus chuir 'na luighe in-a leabaidh féin í. D'imthigh sé leis amach ar an doras annsin. I lár na h-oídhche d'éirigh Domhnall mór agus thóg an tuagh agus mharbhuigh an mháthair. Chuaigh sé i luighe san leabaidh annsin. Ar maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Briain Ua hArlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall