Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 93
- XML “Scéal”
- XML “Áiteacha Uaisle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí buachaill aimsire aige.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Tá áit uasal thíos ag Ált Pheadar Mac Suibhne agus níl sé ceart slat ar bith a bhaint ann. Tá sgéal ann fá dtaobh de, gur bhain duine thíos i Mín a Sróna adhbhar cliabh ann am amháin agus i lár na h-oidhche tháinig sgairt ag an fhuinneog ag iarraidh air na clátacha a fhágail san áit a bhfuair sé iad.
Tá áit uasal eile thíos ag Droichead Eannaigh nó nuair a bhíothar ag cur suas an droichid, an méid a chuireadh siad suas ins an lá bhíodh sé leagtha ar maidín. Lá amháin chuir an fear a bhí ag tógáil an droichid piosa chúig sgilling isteach ag an bhun chloch agus on lá sin amach níor thuit an droichead.
Sgríobh an fear a ainm ar an droichead nuair a chríochnuigh sé é.
Chualaidh mé é ins an bhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)