Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    9. Bairrle gan ton agus é lán de fheoil duine.
    Mearachán tailiúra.
    10. Lán toighe agus lán gairide agus ní thig le a bhfuil in Éirinn lán seála a bhaint as.
    Toit.
    11. An fear a gníodhas é, ní chaitheann sé é agus an fear a chaitheann é ní fheiceann sé é.
    Culaith na marbh.
    12. Cé mhéad tobar a dhéanfadh abhainn?
    Ceann amháin agus an chuid eile uilig.
    13. Chuala mé géim is ní géim coiligh no géim bó, ní h-éan é, agus níl sé beo.
    Leac-oighre ag scoilteadh.
    14. Caidé an mhí is lugha a gnídh na mná cainnt.
    Mí Feabhra.
    15. Chomh h-árd le balla, chomh bán le bainne, chomh dearg le fuil, chomh milis le mill.
    Ubhall.
    16. Tig sé isteach i do dhruim agus téigheann sí amach mar bheadh síoda ann.
    Móin.
    17. Caidé an taobh de'n chupa a bhfuil an chluas air.
    Ar an taobh amuigh.
    18. Droichead ar loch gan maide gan cloch.
    Leac-oighre.
    19. Teach mór, mór agus coinler ar an tomhais go ceart agus na leig thart.
    Na Fliathias.
    20. Cá h-áit a rabh Maoise nuair a chuaidh an solus as.
    Bhí sé sa dorchadas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge