School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 75
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)9. Bairrle gan ton agus é lán de fheoil duine.
Mearachán tailiúra.10. Lán toighe agus lán gairide agus ní thig le a bhfuil in Éirinn lán seála a bhaint as.
Toit. 11. An fear a gníodhas é, ní chaitheann sé é agus an fear a chaitheann é ní fheiceann sé é.
Culaith na marbh.12. Cé mhéad tobar a dhéanfadh abhainn?
Ceann amháin agus an chuid eile uilig.13. Chuala mé géim is ní géim coiligh no géim bó, ní h-éan é, agus níl sé beo.
Leac-oighre ag scoilteadh.14. Caidé an mhí is lugha a gnídh na mná cainnt.
Mí Feabhra.15. Chomh h-árd le balla, chomh bán le bainne, chomh dearg le fuil, chomh milis le mill.
Ubhall.16. Tig sé isteach i do dhruim agus téigheann sí amach mar bheadh síoda ann.
Móin.17. Caidé an taobh de'n chupa a bhfuil an chluas air.
Ar an taobh amuigh.18. Droichead ar loch gan maide gan cloch.
Leac-oighre.19. Teach mór, mór agus coinler ar an tomhais go ceart agus na leig thart.
Na Fliathias.20. Cá h-áit a rabh Maoise nuair a chuaidh an solus as.
Bhí sé sa dorchadas.(continues on next page)