Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuirfidh mise pinghin leat go gcuirfidh mise iad i dtaisce san áit nach dtiocfadh gaoth nó grian ortha. An fhad is bhéas mise ag déanamh sin piocfaidh tusa gráinín tile isteach san mhála fholamh seo." Mar bhí Murchadha Mór amaideach thug sé mála na sughchraobh dó Mhurchadha Bheag agus char chaith sé i bhfad da gcuir i dtaisge. Shuidh sé síos i gcúl claidhe agus roimhe deoch mbomaite bhí a raibh san mhála ithte aige. Bhí sé go díreach ag ith an chinn dheireannaigh nuair a chuir Murchadha Mór a shean-sgairt air ag radh leis go raibh go leor piocaiste aige mar go mbéadh sé am codladhta sul a mbéadh na málaí uilig san bhaile acu.
Leoga arsa Murchadha Beag ag amharc thart ní bhéidh le déanamh againn acht dul díreach na bhaile nó d'ith mise an méid a thug tusa domh le cois an méid a phioc mé fhéin. Nuair a chualaidh Murchadha Mór seo bhí an fhearg air mar ní rabh aon sughchraobh aige anois i ndiaidh a shaothair is char bhlas sé aon cheann acu. Thosuigh sé ag caoineadh ó thús(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Bhreitheamhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall