Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 2
- XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)biadh ar bith acu, go raibh an-ocras uirre. Dubhairt sé leithe buair d'éireóchadh sí ar maidin dul ag obair agus go bhfuigeadh sí bricfeasta, duine ar bith nach n-oibreóchadh annseo, nach bhfuigeadh uad dadaí le h-ithe.
D'éirigh sise agus chuaidh ag sguabadh agus ag cur deis ar an teach. Dubhairt an sean-bhean go gcaithfeadh sí greim fhághail, cinnte duine ar bith a bhí ag obair chomh cruaidh is bhí sí, agus rinne sí réidh an bricfeasta. D'obruigh an bhean óg leithe annsin, bhí a cuid le fághail go h-am maith aici agus ní raibh dadaí cearr.
Nuair a bhí siad bliadhan pósta tháinig oighre chucu. Nuair a chuala an t-athair é tháinig sé ag amharc uirre. Nuair a tháinig sé isteach an teach, bhí sí ag bogadh an cliabháin, ag cniotáil, agus ag déanamh brotháiin. D'iarr sí ar a h-athair dul ag déanamh rud eicínte nó nach bhfuigeadh sé dadaí le h-ithe mara mbéadh sé ag obair, Chuaidh sé ag bogadh an chliabháin dithe.
Pósadh an bhairt eile fosta agus bhí oihre ag achan duine acu. Thug an t-athair cuireadh dóibh, do'n trí lánamhain, teacht fá choinne féasta in a bhaile aige. Tháinig. Bhí an triúr fear istigh san seomra agus an t-athair leo agus iad ag magadh ar an fhear a fuair an cailín fallsa, fá'n chineál mná a fuair sé. Dubhairt sé leobhthe go gcuirfeadh sé geall go ndéanfadh sí rud ar bith a d'iarrfadh sé uirre. Dubhairt an t-athair annsin go dtiubhradh sé céad punt do'n bhean a b'fhearr a dhéanfadh comhairle a fear. Tháinig an bhean ba shine isteach ag d'iarr a fear uirrirud éigin (rud náireach) a dhéanamh, dubhairt sí nach ndéanfadh , na dadaí dá chineál. Tháinig an dara bean, h-iarradh uirri é a dhéanamh ach ní dhéanfadh. Nuair a tháinig an duine ba óige dubhairt sí go ndéanfadh, acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall