School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 2

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 2

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 2
  3. XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    biadh ar bith acu, go raibh an-ocras uirre. Dubhairt sé leithe buair d'éireóchadh sí ar maidin dul ag obair agus go bhfuigeadh sí bricfeasta, duine ar bith nach n-oibreóchadh annseo, nach bhfuigeadh uad dadaí le h-ithe.
    D'éirigh sise agus chuaidh ag sguabadh agus ag cur deis ar an teach. Dubhairt an sean-bhean go gcaithfeadh sí greim fhághail, cinnte duine ar bith a bhí ag obair chomh cruaidh is bhí sí, agus rinne sí réidh an bricfeasta. D'obruigh an bhean óg leithe annsin, bhí a cuid le fághail go h-am maith aici agus ní raibh dadaí cearr.
    Nuair a bhí siad bliadhan pósta tháinig oighre chucu. Nuair a chuala an t-athair é tháinig sé ag amharc uirre. Nuair a tháinig sé isteach an teach, bhí sí ag bogadh an cliabháin, ag cniotáil, agus ag déanamh brotháiin. D'iarr sí ar a h-athair dul ag déanamh rud eicínte nó nach bhfuigeadh sé dadaí le h-ithe mara mbéadh sé ag obair, Chuaidh sé ag bogadh an chliabháin dithe.
    Pósadh an bhairt eile fosta agus bhí oihre ag achan duine acu. Thug an t-athair cuireadh dóibh, do'n trí lánamhain, teacht fá choinne féasta in a bhaile aige. Tháinig. Bhí an triúr fear istigh san seomra agus an t-athair leo agus iad ag magadh ar an fhear a fuair an cailín fallsa, fá'n chineál mná a fuair sé. Dubhairt sé leobhthe go gcuirfeadh sé geall go ndéanfadh sí rud ar bith a d'iarrfadh sé uirre. Dubhairt an t-athair annsin go dtiubhradh sé céad punt do'n bhean a b'fhearr a dhéanfadh comhairle a fear. Tháinig an bhean ba shine isteach ag d'iarr a fear uirrirud éigin (rud náireach) a dhéanamh, dubhairt sí nach ndéanfadh , na dadaí dá chineál. Tháinig an dara bean, h-iarradh uirri é a dhéanamh ach ní dhéanfadh. Nuair a tháinig an duine ba óige dubhairt sí go ndéanfadh, acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Maighréad Ní Chuinn
    Gender
    Female
    Age
    c. 60
    Address
    Loch Muc, Co. Donegal