School: Loch Measca

Location:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 317
  3. XML “An tSeanbhean Bhocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní í bhfad ná i ngearr dhon áit seo bhí sean-bhean bhocht in a comhnuidhe fadó. Ni raibh aici ins an sean-teach beag acht í féin amháin. Ní raibh cat ná mada, cearc ná muc aice. Acht bhí aon pheata amháin aice, banbh beag, a cheannuigh an shagart, an tAthair Sean di bail ó Dhia air, ag an margadh i mbaile-an- Roba.
    Rinne sí bothán beag deas dhon bhanbh ar chúl an tighe. De sgraitheacha 'sead' rinne sí na ballaí, bain sí na sgraitheacha leis an laidhe sa pháirc. Chuir sí sgraith ar sgraith, sgraith ar sgraith, suas, suas, suas , go dtí go raibh na ballaí árd go leor . Cuaidh sí síos an bóithrín go dtí a riasg agus chrumnig sí cíb agus seiliscrim agus thug sí abhaile iad. Chuir sí cuig nó sé cinn de bhataí treashna ar na ballaibh agus anuas ar sinsgar sí sgraitheacha, agus ós a cíonn sin chuir sí an cíb agus an seilistrim. Ó ba ghleórte an botháinín é!
    Bhí an banb beag ag fás mar bhí an tsean-bhean an cineálta dhó. Thugadh sí fataí agus bran dó ar maidin agus braon bainne géar thríd, mín buidhe agus í go breágh te, ag an dó-dhéag a chlog, agus poíríní beaga deasa fataí trathnóna arís.
    Act tháinic an mí-ádh. Aon tráthnóna amháin bhí an tseanbhean amuigh ins an gcoill ag bailiú brosna- cipíní beaga agus cipíní móra i gcóir na teine. Níor dhún sí doras beag an bhótháin. Amach leis an mbanbh. Síos an bhóitrín , suas agus anuas an bóithrín leis, agus gach " gíog", "gíog" agus "mhuch" "mhuch"as, bhí sé chomh sásta leis féin. Cuala an tsean-bhean an glór. Chonnaic sí an banbh a peata beag féin ag imtheacht sna cos-in-áirde síos an bóithrín don riasg in aice an droichid.
    "Ó, Mhuire is truagh! Mhuire is truagh! Báidhfear é, báidhfear é" ars an tsean-bhean.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Máirtín Ó Geannáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    87
    Address
    Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo